Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Thosaigh sé ag obair don dochtúir Mc Closkey ar na “golfing greens”. Thiomáin sé leoraí níos moille i gceantar Ghort an Choirce, Fánaid agus araile. Shaothraigh sé £2-10/- sa tseachtain. A chuimhne ar an am a bhí se ag déanamh an obair sin. Thosaigh sé ansin ar obair thógála agus rinne sé obair leictreach le conraitheoir Patrick Boyce. Ansin níos moille le Johnny Mc Gettigan agus rinne sé obair adhmadóireachta agus araile. | 00:08:15 | |
Lean Paddy ar aghaidh leis an obair leictreach. Bíonn sé ag dul den adhmadóireacht go fóill fosta. Dar leis go bhfuil níos mó seansanna ag an aos óg anois le gairm a fhoghlaim ná mar a bhí aige féin. | 00:01:10 | |
A chuimhne ar dhódh na ceilpe agus a thabhairt go dtí an Chraoslach. | | |
Ag tabhairt ar shiúl prátaí ar na leoraithe. D’iompair sé gual agus beoir fosta nuair a bhíodh stailc ann. | | |
Ag iompar lóid móna agus gairbhéil leis an leoraí. Bhí obair mhaslach go leor i gceist. | | |